Leo Corduff

Birth date
1929
Date of death
21 Samhain 1992
Birth place
Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo
Occupation
Links
About

Saolaíodh agus tógadh Leo i Ros Dumhach, Iorras, contae Mhaigh Eo, agus ceapadh é mar theicneoir cúnta le Coimisiún Béaloideasa Éireann sa bhliain 1950. Ba é an chéad chúram a bhí aige ná lámhscríbhinní an Choimisiúin a mhionscannánú. Sa bhliain 1952 ghlac Leo le cúram an chórais taifeadta taistil, cúram a bhí idir lámha ag Caoimhín Ó Danachair le blianta beaga roimhe sin. Bhain saineolas teicniúil leis an ról seo, chomh maith le stuamacht agus é i mbun oibre i láithreacha dúshlánacha.

Le dúthracht agus le croíúlacht a sháraigh Leo na deacrachtaí a bhain le hobair pháirce, agus chuir sé go mór le cnuasach fuaime an Choimisiúin, atá i dtaisce anois i gCnuasach Bhéaloideas Éireann. Thaistil sé ar fud na hÉireann leis an obair seo, uaireanta ar chuairteanna níos faide ama le diantaifeadadh a dhéanamh ar lucht seanchais agus ceoil, agus ar amhránaithe faoi leith ar nós Róise Ní Ghrianna, Árainn Mhór, contae Dhún na nGall. Sa bhliain 1982 chaith sé féin agus Séamas Ó Catháin tréimhse ama i Meiriceá ag cur agallamh ar Éireannaigh a chuaigh ar imirce go luath san fhichiú aois.

Anuas ar a chuid cúraimí mar theicneoir agus mar bhailitheoir, ghlac Leo thart ar 1,000 grianghraf agus é i mbun obair pháirce, bailiúchán claonchlónna atá i dtaisce anois i gCnuasach Bhéaloideas Éireann. Léiríonn na grianghraif ealaíonta seo saol an bhailitheora, chomh maith leis na daoine ar bhuail sé leo, agus tá croíúlacht Leo féin le sonrú sna híomhánna seo.

Léigh tuilleadh faoi Leo Corduff sa bhileog seo.