School: Oileán Toraighe (roll number 5164)

Location:
Toraigh, Co. Donegal
Teacher:
-
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 305

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 305

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Oileán Toraighe
  2. XML Page 305
  3. XML “Scéal fá Scoilt an Mhórsheisir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tháinig seachtar isteach i Scoilt an Mhór Sheisear, seisear fear agus bean, as Albain a tháinig siad, agus thainic siad i gcurrach, agus bhí siad marbh. Bhí mac baintreabhaigh ag buachailleacht bó thiar ag an scoilt seo. D’imtheochadh an t-eallach uaidh achán lá, agus san tráthnóna thiocfadh siad chuige arais. Tráthnóna amháin, tainic sé na bhaile leis an eallach agus an oidhche sin cuir a mhathair ceist cé n-áit a rabh an t-eallach ag ithe, nó go rabh cuid mhór ithte aca, dubhairt sé nach rabh fios aige, acht go n-imtheochadh siad uaidh achán lá, agus nach rabh fios aige cá h-áit a rachadh siad. D’iarr sí air iad a leanstan an chead lá eile. D'imthigh sé lá thar na mhárach agus lean sé an t-eallach. Chuaidh siad síos í Scoilt an Mhór Seisear, agus chuaidh seisean síos ná ndiaidh, agus chonnaic sé currach thíos, tiompuighthe ar an tráigh, agus tharraing an t-eallach air, agus sheasuigh seisean ag amharc ortha. Chuaidh siad síos, agus thoisigh siad ag lighe na ndaoiní a bhí istoigh ann. D’imthigh sé annsin fá coinne daoine eile, agus thug siad leóbhtha annsin iad
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Dochartaigh
    Gender
    Female
    Informant
    Éamonn Ó Dochartaigh
    Gender
    Male