Dúchas: Ráiteas maidir le Polasaí 'Fógra agus Gníomh' (08.06.2015)

Déanfaidh Cnuasach Bhéaloideas Éireann a dhícheall an t-ábhar atá faoina chúram a chosaint ar úsáid mhíchuí agus chuige sin tá nós imeachta ‘Fógra agus Gníomh’ i bhfeidhm ar shuíomh Dúchas.

Nós imeachta maidir le 'Fógra agus Gníomh'

Má thagtar ar ábhar ar bith ar shuíomh Dúchas atá ina chúis imní, is cóir ríomhphost a sheoladh chuig eolas@duchas.ie nó scríobh chuig Cnuasach Bhéaloideas Éireann, F001 Foirgneamh John Henry Newman, Coláiste na hOllscoile, Belfield, Baile Átha Cliath 4 agus tagairt chartlainne (uimhir imleabhair agus uimhir leathanaigh) na míre áirithe a lua. Bíonn an t-eolas sin faoi bhun an íomhá scanta.

Déanfaidh foireann eagarthóireachta Dúchas athbhreithniú pras ar gach gearán. Má chinneann an fhoireann go bhfuil bunús leis an ngearán, bainfear an mhír áirithe den suíomh agus cuirfear an gearánach ar an eolas dá réir.