Volume: CBÉ 0180
- Date
- 1936–1936
- Collector
- Locations
On this page
(no title) (continued)
“Bhail fad ó shoin ba é an fear a b'fhéarr ins an cúigeadh s'againne - Cúigeadh Ultach - Conall Ceárnach.”
(continued from previous page)3426
172
a luighe.
lá thar na bhárach annsin nuair a d’éirigh
an dochtúir agus Conall Chearnach, nuair
a chuaidh Conall fhad leis a tobar bhí
fear marbh ag an tobar roimhe. Chuaidh
Conall annsin isteach toigh a doctura
agus tháinic a dochtúir amach, agus
tháinic siad fhad leis an fhear a bhí
marbh ag an tobar, agus cé’n fear
a bhí marbh ag an tobar ach bhéaltú
Agus annsin ní rabh fhios cé mharbh é,
agus ní rabh Conall ag an tobar a chór
a bith bhí an dochthuir amach le Conall agul
amach dó
Chuaidh gair amach fríd a tír annsin go
rabh bealcú marbh ag an tobar agus
nach rabh fhios cé mharbh é. Sé’n rud
ar smaoitigh siad air annsin go b’é
an ionna a thug sé a mharbh é.
Mhinnuigh sé do’n ghrian agus do’n ghealach
nach rachfad sé isteach go bráthach ’na
fard go gcuirfeadh an dochtúir sgéala
amach go rabh sé go maith, agus chuaidh
(Sin an rud adubhairt an seanchaidhe an t-am seo.(continues on next page)