Volume: CBÉ 0180
- Date
- 1936–1936
- Collector
- Locations
On this page
(no title) (continued)
“Bhail bhí sin ann agus is fada ó bhí, bhí greásaidhe bróg annsin fad ó shoin, agus ní rabh aige ach mac amháin, agus sé 'n t-ainm a bhí ar a mhac Aladan. ”
(continued from previous page)3474 1332
"Ó leóga," arsa sise, "ní fhiú dadaidh an áit
seo," arsa sise, ar dóiche," arsa sise, níl
teach ar bith annseo, ach go bhfuil teach
beag ann.
"Bhail cá mhéad atá tú d’iarraidh ar an
áit," arsa seisean, "agus cheannochaidh mise é.
agus be-gora shaoil sí gur a mhagadh a
bhí sé, agus chuir sé amach an t-airgead
ina h-ucht crap airgid, agus d’iarr sé
oirthí fhéin imtheacht léithe ar siubhal agus
go bhfanochad seisean ina h-áit. Chuir sé’n
chulaith céadna air a bhí ar a t-sean-bhean,
agus shaoil siad go bhí ’n t-sean-bhean a bhí
ann rith an ama, agus théighead sí siar
i n-amannaí a d’amharc ar theach Aladhan
agus bhíodh bean ladhan a teisbeaint a
toighe daoithe agus an uile sheórt, agus
arsa sise léithe lá amháin a chuaidh sí
siar. "Is lear le h-Aladhan," arsa sise.
nach bhfuil an teach ar a domhan comh
deas le seo, agus nach bhfuil aon dath
ar a domhan a dhith ar a teach.
Níl," arsa t-sean-bhean leis, "ach an rud amháin(continues on next page)