Volume: CBÉ 0180
- Date
- 1936–1936
- Collector
- Locations
On this page
(no title) (continued)
“Bhail bhí sin ann agus is fada ó bhí, bhí greásaidhe bróg annsin fad ó shoin, agus ní rabh aige ach mac amháin, agus sé 'n t-ainm a bhí ar a mhac Aladan. ”
(continued from previous page)3480
233
agus tá rud amháin a dhith air.
"Ó gora," arsa sise, shaoil mé nach rabh
aon dath a dhith air nach rabh ann, dá
rabh ann an teach ariamh,
"Tá," arsa sise, bhall óir a bheith crochta
annuas ins a hall," arsa sise, agus é
a bheith a teacht anonn ’s anall i gcomhnuidhe
Eit-foobtá sin a dhith air," arsa sise. "Tá sé
i dteach i bhfad ar siubhal," arsa sise,
"agus níl an dath ar a domhan a dhith
ar a teach seo ach sin.
Tháinic Aladhan abhaile, agus dubhairt bean
Aladan leis, go rabh ’n t-seanbhean sin
thoir annseo indiú, agus gur dubhairt
sí go rabh rud amháin a dhith ar a
teach, agus dubhairt mise léithe arsa sise
gur shaoil mé nach rabh aon dath a
dhith ar a teach.
Goidé rud é atá a dhith air?" arsa seisean
Dubhairt sí gur ball óir a bheadh a
teacht annuas ó mullach a toige," arsa sise,
ar rópa," arsa sise, "agus a bhall a
bheith anonn ó anall an uile lá sa bhliadhain(continues on next page)