Volume: CBÉ 0187
- Date
- 19 June 1936
- Collector
- Locations
![The Main Manuscript Collection, Volume 0187, Page 144](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0187%2FCBE_0187_144.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0187, Page 144
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
- (continued from previous page)34
bheigean do rud eighinteacht a bheith ann. D'imthigh
sé agus spad agus sluasaid leis lá arna bhárach agus
thoisigh se a tachailt ins an áit. D'oibir se
leis ann agus leig sé ar fhín gur a cuartu leacacha
a bhí sé. Chonnaic na comharsanaigh ann é agus
leig se ar fhín gur a cuart leacacha a bhí sé.
Ach d'oibir se leis agus rinn se amach nach rabh
sé dómhain go leor nuair a bhí’n oiche ann. Chaith
se’n dara lá ann agus cuid do'n tríomhadh lá a
tachailt ar fad. Ach thug se suas e ins a deireadh.
"Ní bhfuair se dadaidh agus rinn se amach ó sin amach
nach rabh maith a bheith ag geillstin do'n
bhrion gloideach.
Bhí fear eile ar a Chlochan Mhór agus rinn seisean
briongoideach fa charnan órr a bheith áit a cómhgarach
ag an áit chéadhna a dear a fear eile an bhrionghoid
each agus fuaidh sé agus chaith sé trí nó ceathrar dhe
lacthe goiridi geimhridh a tachailt annsin; ní
bhfuair se dadaidh. B'eigean do toirt suas. Bhí mac
aige in dlabhain agus fiche bhan na dhéidh sin thainic a
mac arais as Rlabain. D’innis se do'n mhac Goide mar
bhí agus a bhrionghoidheach a bhí aige agus an áit ar chóir(continues on next page)