Volume: CBÉ 0232
- Date
- 1936
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)agus na cailleachaí" adeir sé, an giorrán bán, agus a bhfuil ánn"
adeir sé "sa gcairt aige, mur láidire é ná an domhan
ar fad. "Well anois" adeir Jack adeir sé nuair a tháinic
sé abhailí "is aisteach an áit ar chuir tú
mise indhiu" adeir sé "a’ troid leófa sin." "Ó tiubhrfha
mé páighe seachtmhaine dhuit" adeir sé "ach croch leat na
trí chailín mhóra sin" adeir sé "agus cuir iad in-áit eicínt
as an mbealach." Chroch sé leis iad, tháinic sé
abhailí chuig a mháthair agus d’fan sé an oidhche sin
léi. Lá’r na bháireach fuaidh an duine uasal go
dtí an dall glic aríst agus d’innis sé dhó an
job a bhí déantaí aige. "Á well féach" adeir sé "má
rinne sé é sin" adeir sé, "ba láidre bean acú sin" adeir sé
"ná leath an domhain" adeir sé, "níl aon mharbhú ina
chionn. Ach a bhfuil ’fhios agat céard a dhéanfhas
tú leis ambáireach" adeir sé. "Sgríobh chuig daoine
uaisle an domhain" adeir sé "a thigheacht ina leithide
seo g’áit" adeir sé, "agus go gcaithfhe siad é. Agus abair
leis" adeir sé "an giorrán bán a chuir suas ar
stábla go ceann cupla lá agus a dhéanamh suas,
agus go dhtiubhrfha tú dhó é lé h-aghaidh culaith éadaigh
a chuir air fhéin, agus nuair a bhéas siad seo roimhe"(continues on next page)