Fiteán 379.(B).
Fear a dhíol a léinidh.
Bhí fear óg fadó ann agus bhí sé ag imtheacht a
saothrú a pháighe anuan agus análl in chuile áit a
bfuígheach sé sgilling. Rinne sé suas lé geárrcháile a
bhí bun shaidhbhir in san áit, agus nuair a casfhaidh a
h-athair agus a máthair leis bhíodh sé a dtreatáil i
bpublic house go mion agus go minic. Faoí dheireadh agus
uilig bhí athair na mrá a ceapadh go rabh sé ró-dhíthcéillidhe
agus nach dtiubhrfhach sé an inín dhó chor ar bith, nach
rabh aon ghraithe aige dhí nach rabh sé in-ann a
tógáil. Bhí stócach críonnaí eilí san áit i bhí sé
fhéin a súil léi, agus dubhradar lé chéilí go mbfeárr
dhófa í thabhairt go’n stócach críonna seo ná
go’n bhuachaill a bhí díthcéillí. Chrochadar leófa annsin
Dómhnach agus bhíodar a’ socrú cleamhnais i seomra
Public house. Tháinic sé seo isteach. D’fiafhruigh sé
cé bhí sa seomra. Dubhairt sé go rabh a leithide seo
g’fhear agus a leithide seo go bhean agus go rabhadar a’