Volume: CBÉ 0283

Date
1928
Collector
Location
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0016

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0016

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (no title) (continued)

    Do bhí ar fheirmeoiríbh na h-Éireann deicmheadh a dhíol leis na Sasanaig tráth...

    (continued from previous page)
    16
    thímcheall d’fheisgint go soiléir bhí a leithéid sin
    de sholus ann ón dtigh agus níorbh aon iongnadh
    san mar do bhí trí lochtaí sa tigh agus é ana
    fhada agus ana leathan leis.
    Pé sgéal é do dóghadh an tigh agus do séideadh
    suas é chómh maith san mar do bhí roinnt bairrlí
    de phúdar istigh ann a phléasg nuar a rug an
    teine ortha.
    An lá na dhiaidh san do tháinig na saighdiuirí
    agus na píléirí agus dochuardaigheadar timcheall
    an tighe féachaitn a’ bhfaghaidís aon rud a chuir-
    fheadh ar thóir fear an tóiteáin iad.
    Do fuaradar an gartaer agus an corcán
    agus seo chun siubhail iad agus soir go dtí tigh
    tabháirne Thaidhg Bháin. Do chuadar isteach
    agus do chonnacadr compánach an ghártaera
    ar chois Thaidhg Bháin.
    Do gabhadh é gan a thuilleadh moille agus do
    tógadh go Corcaigh é chun é chur ar a thriaill
    i gcúirt an ríogh.
    Do bhí an corcán agus na gartaerí i sheilbh
    na saighdiuirí agus do chuadar isteach i dtigh óil
    i Maghchromtha chun digh a ól.
    Do bhí cailín aimsire sa tigh sin agus nuair
    a fuair Tadhg Bán caoi cainnte léi do
    (continues on next page)
    Transcribed with automated handwriting recognition technology. Help us improve the transcription.
    Date
    19 March 1928
    Item type
    Lore
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant