Volume: CBÉ 0283
- Date
- 1928
- Collector
- Location
On this page
(no title) (continued)
“Do bhí táilliúir na Samhna...”
(continued from previous page)th
aA
ns
sí
ól
n
ad
a
ge
go
cé
" ar
go
pú
30
Ní túisge a bhí an méid sin déanta aige ná mar a
rug sé ar cheann eile agus do thug aghaidh ar bhóthar
leis. Do liúigh Taidhg airís agus d’árduigh an dá
ollagón déag "agus" ar seisean, "fág annsan mo cheann."
"Á," Éist do bhéal, "arsan fear eile," ar ndóin ní
leat iad go léir - agus siúdh amach an geata
é agus soir. Do léim Tadhg as an gcúinne agus
do ghaibh an cómhgar soir agh do bhí an fear eile ró
mhear do. Do shrois fear an phlaoisg an tigh agus
siud isteach é fé mar a bheadh scata gadhar na
dhiaidh. "Seo," ar seisean, "agus tá an t-é
gur leis é ag teacht an dhiaidh!"
Ba dhóbair go dtuiteadh a raibh istigh i laige le neart
sgannraidh agus do léim an táilliuir féin ón
mbórd agus níor stad sé guir bhain sé an chúl
lochta amach. Do thuit sé as san isteach i gcorcán
úisge a bhí ag beirbhughadh ar an dteine agus do loisgeadh
go smior é, i dtreo gur thug sé seachtmhain sa
leabaidh gan ’na chumas é féin do chorruighe.
Ní gadh dhom a rádh gur chaill sé a phúnt chómh maith.