Volume: CBÉ 0283
- Date
- 1928
- Collector
- Location
On this page
(no title) (continued)
“Do bhí fear na chómhnuidhe thoir ar Charraig an Phúca...”
(continued from previous page)35
oibre agus do tugadh órthughadh d’fhear Charraig an Phúca é
féin do chur i dtreo oibre agus chómh maith do dhein. Do
chaith sé a chasóg de agus do tugadh speal do agus do
thosnuig an bheirt ar bheith ag gearradh leo chómh maith agus
do bhí sé ionnta.
Níor bhfada i n-aonchor go raibh an stróinsear
ag buadhachtaint air agus do thosnuig an lucht féachana
ar bheith ag liuithrigh agus ag séideadh leis. Do tháinig
fear an chapaill anonn chuige (fear Carraig an Phúca)
agus do thóg sé hancisiuir as a phóca agus dubhairt
leis é sin d’fhilleadh tímpeall air fein. Do dhein
agus do thosnuig sé ar bheith ag gearradh leis airís.
Do tháinig anam nua ann ach do bhí an speal go
h-olc agus dubhairt sé le fear an chapaill go mbeadh
a speal féin níos fearr go mór.
Ar iompáil baise do bhí an speall os a chómhair
amach agus d’usáid é í sin. Do thosnuigh sé ar
bheith ag gabháil amach chun tosaigh diaidh ar ndiaidh
agus do thosnuigh an moladh ón mheithill ar bheith
ag luigheadughadh. Sa deire do bhuaidh sé glan ar
an stróinsear agus do stadadar don obair
Sar a raibh uain ag fear Charraig an Phúca ar a(continues on next page)