Volume: CBÉ 0283
- Date
- 1928
- Collector
- Location
On this page
(no title) (continued)
“Do bhí baintreabhach ann fadó agus do bhí aon mhac amháin aici.”
(continued from previous page)a
sé
a
A
a
r
i
a
bí
lt
sl
"Ó
é
68
agus siúd léi i n-anaithe an tsaothair go tigh an bhuachalla.
Bhí an gabha ag fanamhaint le n-a mhnaoi agus nuair
nár tháinig sí do chuaidh sé féin go dtí an tobar.
Nuair a fhéach sé isteach ann do chonnaic sé an sgáil
agus d’fhéach sé suas sa chrann. Do chonnaic sé an
cailín agus d’iarr uirthi cad a thug annsan í.
Dubhairt sise go raibh sí ar lorg oibre. "Anois an
t-am," arsan gabha, "téighir suas go dtí an tigh san
thuas agus iarr ortha obair a thabhairt duit."
Suas léi agus do chuaidh sí isteach gan aoinnidh a
rádh. Do sheasamh sí taobh istig den dorus agus nuair
a bhí an buachaill taréis a raibh istigh d’insiúchadh go
géar do tháinig sé fé na déin agus láithreach bonn
d’aithin sé í. Dubhairt sé leis na cailíní eile
dul abhaile san agus do thaibh sé inghean an ríogh.