Imleabhar: CBÉ 0283
- Dáta
- 1928
- Bailitheoir
- Suíomh

Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0079
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilAr an leathanach seo
(gan teideal)
“Do bhí buachaill na chómhnuidhe thall ar Thuath na Dromann...”
79
Do bhí buachaill na chómhnuidhe thall ar thuath na dromhann
uair amháin agus do thárla gur deineadh cleamhnas do
le bean a bhí go maith aosta agus nídh nárbh iongnadh
do bhí sé ana thré na chéile dá bharr san
Pé sgéal é, do bhuail sé amach mar seo lá agus
do tháinig sé go dtí Amhlaoibh an Chuirrtigh a bhí na
chómhnuidhe ar Ghort na Buine chun a sgéal do nochtadh
dhó féachaint cadí an chómhairle a thabharfadh sé dho.
Mar seo iseadh do thug an fear eile a chómhairle uaidh:
ná ceangal go h-óg le lómhadh caillighe
ledúil na cuid bólacht na mór-chuid airgid
Do cuirfeadh brón deor ar do leacain gan teor
Toibh-se uar chéile spéirbean mhaiseamhail
go mbeidh buisne na síodh is a leaca mar ros
gur mhaise led’ shórd it diaidh í nú rómhath
Agus bheidh cló gleoidhte ar do lealbhaí na deaidh.