Volume: CBÉ 0283
- Date
- 1928
- Collector
- Location

Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0081
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
(no title)
“Uair amháin go raibh Dómhnall Ua Conaill i Lonndain...”
81
Uair amháin go raibh Dómhnall Ua Conaill i lonndain
do tugadh cuireadh dho dul go dtí tigh áirighthe agus do
chuaidh. Taréis tamaill do cuireadh na h-árthaighe ar
an mbórd agus dubhrathas le Dómhnall suidhe síos agus
bíle do chaitheamh. Do shuidh sé chun búird agus bhí
aoine móra na theannta. Do cuireadh gloiní fíona
os a gcómhair amach ar an mbórd ar dtúis
Do bhí cailín aimsire sa tigh agus ghaedchail dobh
eadh sise. D’aithin sí dómh nall Ua Conaill agus i lár
na cainnte dubhairt sí imar seo:
"A Dómhnaill Uí Chonaill an dtuigheann tú aedilgt
Arsa Dómhnall. Cad na thaobh ná tuigfinn agus mé
ó Chirinn.
Arsan cailín. Tá nmh sa chupán a mharbhóchadh na
céadta - it do dhóithin agus ná h-ál aon bhraon de.
Do thuit Dómhnall conus mar a bhí an sgéal agus nuair
a fuair sé caoi do chuir sé a ghloine féin i n-áit
an ghloine ba ghiorra dho agus do chomáin sé leis.
Do mhairbh an nmh an fear eile agus do thug
Dómhnall na cosa leis ach mura mbeadh an cailín Gaedh-
ealach do bheadh sgéal gan dáth aige.