Volume: CBÉ 0283
- Date
- 1928
- Collector
- Location
On this page
- lad so ná neithe a choinnghibheann tigh duine ina suidhe sé sin,
bean tighe théagartha, giolla treabhadh tairise, láir bheir-
eathais agus cráin fé arca.
lad so mar an gcéadna na cheithre neithe threasgaruigheann
tigh - bean ainmhianach íotamhail, clann dearóil do-
thógbhála, capall fáin foghlach agus giolla gann ghalarach.
Ag só an t-aon nídh a mhilleann gach tigh, - muinntir
mhórmhuirearach mhíodthabharthach. Ag sa an t-aon nídh a
choinnghibheann tigh duine sióthchánta .i.. muinntir uamhal uathadh.
Thrí beithi gach tighe .i. laoigh agus leinbh agus seandaoine
seanga slána. An aoncheard is treise ná gach
ealadha .i. an treabhracht.
An t-aon duine dár fearr tharbha a chlainne .i. an
mac óg-laoch, óir ná beirtear clann do go h-óg agus
iad ag eirighe i n-aoinfheacht leis féin is fearr do iad.
ná mhuinntir choimtheach.
Agus an t-aon duine dara measa thairbhe a chlainne -
duine ealadhan óir bith biadh agus éadach a chlainne air(continues on next page)