Volume: CBÉ 0312
On this page
- (continued from previous page)sé ráití ins a’ seanchus, bhí fhios aige go math
cé h-é an fear bu saidhbhre a bhí ins a’
mbaile mór, agus dheasaigh sé air héin un
shiúil agus gho sé un shiúil go tebann go dtáin-
ic sé ag dorus a’ hálldúr ánn. Rapáil
a’ sagart ánn. Ligiú isteach é.
"Cén chaoi a bhfuil," adeir sé, "fear a’ tighe
seo anocht?"
"Tá sé go math, slán a bhéas tú, ’Athair,"
adeir a’ searabhánta a d’fhosgail a’ dorus dó. "Tá
sé ’n-a cholla."
"Níl an-shógh (anó) a’ bith air thairis
sin?"
"Níl, ’Athair."
"Muise, tháinic neach icínt ag a’ dorus
á’m a’ fuagairt orm a dhoil a’ chuir na h-
ola ar a’ bhfear bu saidhbhre bhí sa mbaile
mor, agus cheap mé go mbu dh eon {?} é an
fear bu saidhbhre a bhí ánn, agus tháinic mé.
Sin é an nídh thug inseo mé."
Chua an sagart abhaile ar ais aríst
’na sheumra, agus bhí sé goil un collata aríst,(continues on next page)