Mara dtaga liútar ar a’ tír
Agus suaímhreas le n-a línn,
Déanfa rotha mo mháthar mhór
Raic istigh ar fud a’ tighe.
----
Nóta. Rais bheag chainte é sin a’ magadh faoi na
Jumpers a bhí tréan go math uair - leithchéad go
dtí céad bliain ó shoin, abair - is Muigh Ros (an
ceánn thiar de pharáiste Chárna (nó par. Mhuigh-Rois),
Conamara. Deirtar liom gur b’é Seán a Conraoi
(Seán Bhal), as Muigh-Ros, a rinne é. Tá Seán
i n-a chomhnuí i Leitir Damh, Cloch na Rón, faoi
láthair agus tá sé tuairim’s ceithre fichid bliain
d’aois. Is minic a bhí Seán a’ air síos dom ar na
Jumpers agus ar na bealaighe a bhí leó i Muigh-
Rós agus i gConamara. Rinne sé amhrán nó dhó
eile fútha agus measaim go bhfuil siad sgríobhtha
síos agam i n-áit eile, cé nach uaidh héin a thóigeas
iad. Bhí teampull gallda (agus sgoil) i Muigh-Ros, ach
níl fanta díobh ach na ballaí anois, agus níl aon
jumper anois ann.