Volume: CBÉ 0312
On this page
- (continued from previous page)oibre a’ cartadh san áit a rabh an lisín, mar bhí an cosán a’ dul an bealach sin. Nuair a chuaidh
siad abhaile trathnóna ní rabh aon fhear acu nach rabh bó nó gamhain nó rud eicínt leis chaillte. B’é an sgéal céanna é an trathnóna dar gcionn - b’éigin dóibh eirí as a bheith a’ cartadh an lisín. - Bíodh sé seo dhá fheiceál i gCúl (Coole avenue), Cill Tártain. Bhí fear oibre sa teach
Mór i gCúl (.i.Teach an Tíarna Gregory) agus d’fheicfeadh sé go minic é. Bhí sé dhá innseacht don tsagart uair agus dúirt sé go gcaithfeadh sé gur bhreágh an saol a bhí acu seo a bhí ag imeacht ins an gcóiste. D’fhiathraigh an sagart de
a’ bhféadhfadh sé a lámh a leagan air an gcóiste agus dúirt sé go bhféadhfadh. Dúirt an sagart leis é sin a dheanamh an chéad uair eile a d’fheicfeadh
sé é. Chonnaic sé an cóiste oíche eile agus leag sé a lámh air nuair a bhí sé ag dul(continues on next page)