Volume: CBÉ 0312
On this page
- (continued from previous page)nó rud eicínt mar sin (adeir an sgéalaí ). An tríú h-uair d’fhreagair sí é. "Tá mé a’ tíocht," adeir sí. Lean sí dhó cho fada le Sgeach na Gaibhne, agus go dtí an áit a bhfuil sgoil Chloch-Bhaile-mhóir anois. Rug sí grim láimhe ar mhuing a’ chapaill. Tharrain seisean a chlaidhmhe agus bhain sé an lámh dhuith. D’fhan an lámh i ngrim agus muing a’ chapaill agus gcónaí, go dtáinic sé ar ais ag a’ teach níor. Cailleadh an capall maidin lárnamháireach. Níor h-airigheadh "lámh fada Dhubh," int an áit arís ní bu mhó.
- *
Fear darbh ainm Bonsidine as Garraí Bláicín, paráiste Thobar Peadair, a chuaidh go dtí an Bheilg fadó. Casadh seanfhear dhó annsin agus d’iarr sé obair air. Chuir seisean go dtí n-a athair héin é, agus chuir sé sin go dtí n-a athair héin arís é. Bhí íontas a dhóthain ar an Éireannach ar fheiceál an méid sin dó. Ach tháinic sé isteach sa teach a rabh an
* Innseacht de "Meireach an fheóil, etc."(continues on next page)