(ar lean ón leathanach roimhe)
aige, agus dhá bhruith dhó, agus ní túisge bhíot sé bruithte
ná bhíot sé ithte ag Cruchúr. Bhí Cruchúr sa
gclúid agus é a’ méadú, a’ méadú i gcônuí, mar
séard a bhí ánn gaisgíoch. Bhí mianach gaisgioch a’
baint leis.
A’ lá seo chua a mháthair go dtí an sean-
dáll glic agus d’innis sí an sgéal dó: go ru sí a’
tarraint anoir agus aniar ag a mac, agus ná ru
sé i n-ánn aon bhlas mathas’ a dhiana, ach é
sínte insin sa gclúid. "Agus sa deire," adeir
sí, "tá mé ’cheapa nach mbeidh an teach sách fada
chor a’ bith aige - tá sé a’ méadú chuile lá."
"Well," adeir a’ sean-dall glic léithe, "teiri
’bhaile anois. Gach a bhfuil cruinníth’ anóis a’d,
cuir a’ bruith dhó é, agus nuair a bheas sé ithte
aige abair leis nach bhfuil tú héin i n-ánn
aon bhlas fháil níos mó ná a chruinniú dhó."
Rinne sí mar dúirt sé. Thug sí an
méid a bhí cruinníth’ aici abhaile.
"Well, a Chruchúir," adeir sí, "seo é an bia
deireannach anois atá fáite a’d uaim-se."
Nuair a dúirt sí an focal sin, dhiún blas
(leanann ar an chéad leathanach eile)
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.