(ar lean ón leathanach roimhe)
a rinne sé ach eirí le teánn taghd feirge, agus nuair
a dhírigh sé suas é héin chuir sé a chloigeann am-
ach thrí mhullach a’ tighe, bhí sé cho mór sin. Chua
sé amach a’ dorus, agus olc air, agus chua sé amach sa
ngarraí agus rug sé ar chránn a chuir ’athair fadó,
agus tharrain sé aníos as na fréamhrachaí é - fréamh-
rachaí, criafóg agus chuile shórt. Thosuigh sé a’ tarr-
aint slat as a’ taltha faoi is thairis, go ndeárna
sé ciseán mór ’óib, nó cliabh dhóib. Nuair a bhí
sé sin dianta aige chuir sé eiris slatachaí ánn,
agus leag sé a mháthair isteach go deas ré ánn, agus dhá
chaora agus uasgán a bhí aige. D’árda sé suas ar
a dhruím iad. Ach ní ru aon éadach rathúil air,
ach fuair sé píosa go shean-tseól báid agus chaith
sé thart tímpull air héin é. D’imi leis. Bhí sé
ag imeacht agus a’ síor-imeacht gur casú duine uasal
dhó a bhí a’ marcuíocht ar chapall.
"Go mbeannaí Dia dhuit, a dhuine uasail," adeir sé
"Dia is Muire dhuit," adeir a’ marcach. "Cá bhfuil
tú a goil?" adeir sé le Cruchúr.
"Tá mé ar thóruíocht máistir," adeir sé.
"Is math mar tá," ars an duine uasal "- tá
(leanann ar an chéad leathanach eile)
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.