Volume: CBÉ 0312
On this page
- Murchadh na Sméar
Bhí fear fadó ánn agus fadó bhí. Dhá mbeinn-
se an uair sin ánn ní bheinn anois ánn, bheadh
sgéal úr nó sean-sgéal á’m, is ní' dhóichidí sin,
b’fhéidir ná mé bheith gan aon sgéal. Seo é an
sgéal atá agam dhíob anois sgéal faoi Mhuracha na
Sméara. Bhí sé héin agus a bhean agus a mhac bhíodar ’n-a
gcônuí i ngleánn driseach. Ní bhíoch aobh ar Mhuracha
ach a’ tarraint driseachaí agus dhá bplandáil i n-áit-(continues on next page)