(continued from previous page)
Rec. 825a. tú," adeir sé, "chuile ourlach do a thus
(.i. thomhais) as seo," adeir sé, "agus tá sé fiche míle
as seo," adeir sé, "Féata tú a dhoil treasna na
faraige más math leat," adeir sé, "nó thimpull
an bóthar," adeir sé, "- is cuma liom-sa cé chaoi
dtoisfe tú é," adeir sé, "ach cathfa tú chuile úrlach
do a thus go dtí an áit a bhfuil mo chluais,"
adeir sé.
Bhí uathbhás ar fhear a’ tsiopa, ach shul
dá d’fhág siad an siopa shocra siad ar dhá
chéad go leith punt - fear an tsiopa an méid
sin a thóirt do ar a’ tobac. Fuair sé na
h-earraí le h-aghaidh fear a’ tsiopa agus chuir
sé isteach i n-a bhád iad, agus thainic sé abhaile,
agus d’íoc sé fear a’ tsiopa an méid a bhí
caillte aige roimhe sin. Agus d’fhan sé ag
baile uaidh sin amach slán folláin nó gur
cailliú é.
Transcribed by a member of our volunteer transcription project.