Volume: CBÉ 0312
On this page
- (continued from previous page)gearr d’athraigh siad mac an bhean eile agus chuir-
eadar an mac [i n-áit iníon] a’ Ghobán Saor.
Bhí go math. Bhí súil ag nG. S. "go mbeach an
mac an-chliste mar é héin, ach i leaba sin
séard a bhí ann mar déarthach muid amadán.
Ach bhí an cailín eile an-chliste amach. Agus nuair
a d’fhás sé suas ’n-a bhuachaill óg chuir an
Gobán Saor an lá seo é ag a’ maraga a’ díol
craiceann caorach (cuíorach). Bhí sé a’ siúl soir
agus a’ siúl siar. Agus dúirt an G. S. leis: "tabh-
arfa tú an craiceann ’s a’ luach abhaile ugum-
sa." "Well, féachfa (fiachfa) mé leis," ars
an mac, "ach tá mé siúráilte nach gcasfar
aon nduine dhom cho simplí is a thabharfas an
craiceann is a luach dom." "Well, fiach leis,"
ars an t-athair. Bhaili leis. Bhí sé gul soir is
bhí sé gul siar, is níor casú aon nduine leis ar
a’ bhfad sin a thabharfach (pron. thórthach) an mar-
aga sin dó, nó gur casú an cailín seo leis trath-
nóna.
"Bhfuil tú dhá dhíol sin?" "ar sise.
"Táim," ar seisean, "ach dúirt m’athair(continues on next page)