Imleabhar: CBÉ 0312
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mar an t-ám sin ní ru an taltha roinnte mar
tá sé anois agus bhíoch fosuíocht mórán ar chuile
dhuine a’ t-ám sin - go mór-mór i gConamara;
mar ’sé chaoi ru sé bheadh garraí á’m-sa inseo
agus gharraí a’d-sa, b’fhéidir, a’ síne liom, agus insin
dhá mbeach arúr curtha á’m-sa in mo gharraí
héin chathfach tusa ná beithí ’fhosuíocht nó ’choinn-
eál as. Well bhí Seáinín, lá, bhí sé ’fosuíocht a
chois a’ chlada’, mar déarthá, agus bhí an bhó agus a’ gabhar aige
ánn agus a’ t-asal; ’s ar ndú is beag áird a bhíoch
aige orthab go minic ach slat iasgach aige agus é
síos ar a’ gcarraig ag iasgach ballachaí beaga. Well
séard a rinne sé an lá seo bhain sé cliabh soip
don bhuin agus don asal, agus nuair a bhí an cliabh
faltha aige séard a rinne sé an gabhar a
chuir isteach sa gclíú (gcliabh) agus tosuí dhá bhoga
agus a’ góil suantraí dhó. Seod ceánn dá ru sé
a chasa dhó -
"Meig, meig, méidh," adeir sé, "Tá an féar a’
fás -
Fásfa sé le cúna Dé -
Bhí fear an arúir a goil go do mharú(leanann ar an chéad leathanach eile)