Volume: CBÉ 0312
On this page
- (continued from previous page)seachtain a d’fhanach sé trí lá imíthe, ach
nuair a bhíoch sé imíthe d’fhách a bhean
fataí agus bainne agus go leór rudaí ó chómhar-
sanaí a bhí thimpull urthe; ach nuair a
bhíoch Dónal sa mbaile ní gheouch sí ceó
ar bith. Ach a’ lá seo bhí sé ag imeacht is
dúirt sí leis fanacht imíthe - ná ru gró a’
bith a’ teacht aige.
"Diunfa sin," adeir sé.
Ach d’imi sé leis agus a bhudget i n-a
dhruim (dhrym) aige. Ach bhí sé sgatha gon lá
ag imeacht agus casú isteach i dteach é, agus ní ru
aon nduine istig ach bean a’ tighe. D’fhiara
sé dhothe ar theasta aon cheó le deasú
uathe, agus dúirt sí go ru lampa sa mballa
sin, go ru sé a’ ligint thríd - dhá gcuireach sé
tóin ann. Dúirt Dónal go gcuirfeach. Thóig
sé an lampa agus chuir sé tóin sa lampa, agus
thug sí trí píghne dho. Ach d’imi sé roimhe.
Is gearr a bhí sé imíthe nuair a casav sean-
fheairín liath giobach do. Bhí sé héin ’s é héin
a’ caint sgatha, ach d’iarr a’ seanfheairín pínn(continues on next page)