Volume: CBÉ 0352
- Date
- 1937
- Collector
- Locations
On this page
- Fuair sí ’n t-abhran seo ó Máire, Bean Uí Dhubhthaigh as Rann-na-Feirsde, tá trí bliadna ó
shoin, agus tá Máire beo go fóill agus í 80 bl-anois.
Fuair mé ’n t-abhrán ó Mháire fosta.
1.
Nuair a éirighim-sa ar maidin go cúl a’ toighe
Agus amharcaim-sa ar a’ bhaile a bhfuil tú grádh mo chroidhe,
Ní fhuil grianán, ní fhuil gealach, acht a’ driucht na luighe
'S go baile ’n lagain ní rachad ’s tú chomhnuigh i choidhch!
2.
Tá na deora na róidín ar ’ach taobh de mo ghruaidh,
'Ach aon oidhche Dhomhnaigh ’s ach maidin Dia Luain,
'S mé feitheamh cé thiocfadh ’n ród nó buailfeadh 'un toighe,
'S gan aon nidh ar a’ domhan mhór a thógfadh mo chroidhe.
2.
Shíl mé narbh’ iongadh domh bheith comhradh ghrádh leat,
Shíl me narbh' iongadh domh bheith seal ag ól a ghrádh leat,
Shil mé narbh’ iongadh domh bheith ’siubhal a’ driucht leat,(continues on next page)