Imleabhar: CBÉ 0370

Dáta
1937
Bailitheoir
Suíomh
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0370, Leathanach 0019

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0370, Leathanach 0019

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    19
    a bhí aige i bhfad go dtí go rabh deireadh
    caithte, agus b’éiginn do a ghabhail a
    iarraidh a chudach. Tháinig sé go dtí
    dorus toigh mhóir agus bhuail sé ag an
    dorus, tháinig an cailín amach agus
    d’fhiafruigh sí goide a bhí a dhíóghbhail air.
    Dubhairt sé gur greim bidh.
    "Bhoil fan go bhfeicfidh mé an maighistir."
    ar sise.
    Chuaidh sí suas
    níorbh’ fhada go
    dtáinig an maighistir amach a d’amharc air.
    "’s mór an náire do do macasamhail
    dhe dh’fhear a bheith ag iarraidh a chudach
    gan oibriughadh ar a shoin."
    o
    "d’oibreochain dá bhfuighinn obair."
    "bhail bhéirfidh mise obair duit agus
    chead agat a ghabhail a d’obair agus
    bhéirfidh mé do chuid duit, agus leabaidh
    lé luighe uirthí."
    Thug sé isteach é agus thug sé a
    dhínnear do. Thug sé amach é agus
    d’iarr sé air sluasaid a bhí thall
    ag taoibh an toighe a thabhairt leis agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Úsáideadh aithint lámhscríbhneoireachta uathoibríoch chun an mhír seo a thras-scríobh. Cabhraigh linn an tras-scríbhinn a fheabhsú.
    Dáta
    9 June 1937
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Irish
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir