Volume: CBÉ 0370

Date
1937
Collector
Location
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0370, Page 0021

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0370, Page 0021

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    21
    Chuaidh sé síos. D’oibir sé leis go
    dtí an oidhche ag cur anall na gcloch agus
    tráthnóna lá ar na bhárach bhí siad i
    bhfos arais aige san áit a rabh siad a’
    chead uair. Tháinig sé aníos go bhfeicfeadh
    sé goide’ bhí aige lé deánamh.
    "Och ní fheicim mórán lé deánamh
    agat," ars an fear mór, "toisigh agus
    cuir anall arais iad."
    Thoisigh sé ar na clocha agus chuir
    sé anonn arais iad an tríomhadh h-uair
    tháinig sé aníos go bhfeicfeadh sé goide
    a bhí sé a’ gabhail a dheánamh. D’iarr
    an fear mór air a ghabhail síos agus
    a bhfágáil san áit a rabh siad an
    chead uair a n-athrach arais. Chuaidh
    sé síos. Lean an fear mór síós é
    go bhfeicfeadh sé goide a bhéadh sé a
    rádh. Chuaidh sé a d’obair agus thoisigh
    sé a mhallachtaigh ar Éabha is ar
    Ádhamha. Tháinig an fear mór aníos
    fhad leis: "goide rinne Éabha is Ádhamha
    ort", ar seisean.
    (continues on next page)
    Transcribed with automated handwriting recognition technology. Help us improve the transcription.
    Date
    9 June 1937
    Item type
    Lore
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant