Volume: CBÉ 0370

Date
1937
Collector
Location
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0370, Page 0041

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0370, Page 0041

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    41
    rabh an luthgháir, cuireadh síos an pota
    agus rinneadh pota bochain agus fuair
    na páistí a gcuid annsin.
    Bhí an bhó annsinn Chuir sé sin
    amach sgéala lá ar na bhárach frid an
    bhaile frid na bailte, lá indiaidh an
    lac éile ní rabh gar ann ní rabh
    duine ar bith lé fághail a chaill an bhó.
    Deireadh an bhó, trí ráithe 'na diaidh
    sin rugadh gamhain buineann díthe: Ó
    gamhain go gamhain go dtí go rabh naoi
    gcinn aige de iarradh na bó. Níor
    dhíol sé aon cheann aca gamhna
    buineanna uilig. Bhí sé aon lá amháin
    amuigh ag cathughadh choirce agus bhí an
    teallach amuigh. Agus dar fiadh moll
    an choirce a bhí seisein a fhágail i
    leath-taoibh thigeadh an mhaol agus
    an naoidheamar éile na diaidh agus
    teidheadh siad ithe an choirce. Cuireadh
    sé ar shiubhal iad ach ní rabh gar
    ann. Níl ann ach go mbéadh a shála
    tionntóidh go mbéadh an mhaol ’na dhiaidh
    (1) Chuaidh sí chuig an tarbh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    9 June 1937
    Item type
    Lore
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant