Volume: CBÉ 0370

Date
1937
Collector
Location
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0370, Page 0266

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0370, Page 0266

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    sé ingrádh lé cailín a bhí thoir ar an Chorr-Mhín; nighean do Shéamuis Mheadhbha a bhí uirthí. Bhí Séamus Mheadhbha go h-iongantach láidir, a’ cur amach mine agus plúir ar
    iasacht ó bhliadain go bliadhain; ní rabh fhios aige leath a chuid saidhbhris. D’imthigh Éoin Bán agus phós sé féin agus an
    cailín. Ní rabh sasamh ar bith ar Shéamas Mheadba; ní rabh sé sásta ar chor ar bith. Nuair a rachadh Éoin Bán ann
    agus bhruithfidh pota preataí, shuidhfeadh an seanduine agus d’iosfadh sé aon phreatá
    amháin. "Ghlór is moladh is buidheachas do Dhia". D’éireochadh sé agus chaithfeadh sé é féin 'sa leabaidh. Bhí leisg ar
    Éoin Bhán bhocht níos mó ithe d'éireochadh sé agus shuidhfeadh sé i chois na teineadh. Bhí sé ag fághail bháis o'n ocras na corr oidhche bhéadh sé ann.
    Bhí buachaill greanmhar ar an bhaile, a dtugadh siad Séarlus Óg 'ach Aodh air. Casadh ar Éoin Bhán aon lá amháin é.
    "H-óigh Éoin Bháin."
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    18 June 1937
    Item type
    Lore
    Folktales index
    AT1544: The Man who Got a Night's Lodging
    Folktales index—relevant types
    AT1363: Tale of the Cradle
    AT1685: The Foolish Bridegroom
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant