Volume: CBÉ 0370
- Date
- 1937
- Collector
- Location
![The Main Manuscript Collection, Volume 0370, Page 0287](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0370%2FCBE_0370_0287.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0370, Page 0287
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
- (continued from previous page)seisean lá amháin leis an bean; "Tá eagla orm go gcaithfidh mé mo bhó bheag a dhíol agus gan agam ach í. Tá deireadh na bpighneacha caithte, is fada go Lughnasa go rabh a dhath sa choibhreann agus ní bhéidh na páistí agus muid féin beo leis
an ochras."
"Maith go leór," ars an bhean, "creidim go gcaithfear a díol agus is mór an truaighe sgaradh léithe."
"Níl aon neart air", ar seisean.
D’imthigh ’un aonaigh ar maidín leis an bhó. Shiubhail leis go socair go dtáinig sé isteach go dtí ceann an mhargaidh. Casadh buachaill air 'na seasamh
agus buideal in-a lámh.
"Tá tú a’ gabhail ’un aonaigh lé do bhó duine mhodhamhail," ar seisean.
"Tá", ars an fear.
"Goide mar dhéanfá malairt eadar í féin agus an buideal?"
"Órú thaisgidh", ar seisean, "goide an mhaith a dhéanfadh do bhuideal beag(continues on next page)