Volume: CBÉ 0370
- Date
- 1937
- Collector
- Location
![The Main Manuscript Collection, Volume 0370, Page 0288](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0370%2FCBE_0370_0288.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0370, Page 0288
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
- (continued from previous page)folamh domh-sa agus do luibhthín bheag lag pháistí; gan aon phighinn ann mo theach
agus achan rud lé ceannacht".
Cá chréidhfeá goide dhéanfadh an buideal dá seancála anois an bhó tabhairt domhsa ar a shon. Agus má bheir tú an bhó domh ar a shon seo duit an buideal. Nuair a rachas tú ’na’ bhaile abhair lé do bhean éadach beag geal a chuir ar an tábla
mur gcuirfeadh sí air ach bráithlín bheag ghlan; na rud ar bith geal.
"Bhail seo dhuit," ar seisean, "in ainm Dé.
Thug sé an bhó do’n fhear agus bheir sé ar an bhuideal agus tháinig sé ’na’ bhaile. Tháinig sé isteach ag an bhean, bhí sí na
suidhe i chos na teineadh.
"Ar dhíol tú mo bho?" arsa sise.
"Dhíol," arsa seisean.
"Cá mhéad a fuair tú uirthí? na rabh an deallach daor indiu?"
an
"Bhail buideal a fuair mise eirthí", deir se.
Chuir sí sin a dhá láim in-a ceann agus chuaidh sí a chaoineadh(continues on next page)