Volume: CBÉ 0441 (Part 1)
- Date
- 1937
- Collector
- Location
On this page
- Bhí Rí i n-Éirinn annseo fadó, agus má bhí choidhcheann is go raibh, chníochnuigh Dia leis go raibh mac amháin aige. Núair a mhéaduigh an mac súas i n-fhear óg bhí sé ag-chaithfeach ar airgead agus bhí faithchíos ar an rí go mbochtóch sé 'é h-fhéin. Chuaidh an Rí go dtí an Seanóir Glic agus d'innis sé an sgéal dhó an chaoi a raibh a mhac a caithe airgead. Dubhairt an Seanóir Glic leis an Rí, an mac a chuir isteach i dteach nach mbeadh duine ar bith ánn ach é h-féin agus searabhánta amháin i n'aoindígh leis agus chuile sórt beatha a chuir isteach sa teach aige. Rinne an Rí mar a dubhairt an Seanóir Glic leis.
Ba Geárr a bhí Mac a Rí sa teach, núair a búaladh an doras oidhche(continues on next page)