Volume: CBÉ 0441 (Part 2)
- Date
- 1937
- Collector
- Location
On this page
- (continued from previous page)an [!] feithide i ndeárna sé faoisdin níos fearr. Dubhairt an sagart nach ndheárna. Bhuel, Bhuel ars an feithide gabh isteach arís, agus feach a bfuil rud ar bith eile le innseac aige. An triomadh uair dinnis an fear a raibh ar leabaidh an bháis go ndeárna sé an murdar. Anois ars an feithide is maith an taistir thug do cosa tú, marac go ndearna an fear seo an faoisdin mhaith, bhéinn mar seo go lá an bhreitheamhnas, acht táim reid le dul chun na bflaithis anois, agus beid an fear seo liom freisin. Do réir na sean daoinibh [?] tá an sgeál seo fíor, agus an áit a thárla sé ná i Órnmór toabh shoir do Ghaillimh.