Volume: CBÉ 0441 (Part 2)
- Date
- 1937
- Collector
- Location
![The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0136](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0441%2FCBE_0441_0136.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0136
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
- (continued from previous page)Bhuel cuireadh na trí chaca sa mála, agus cuireadh an caca is lugha ar iochtar an mhála. Anois ars an bfeirmeóir ar chraiceann do chluaise na geárr is na hith greim don chaca nó go mbéidh tú sa mbaile. tá go maith déanfaidh mé sin gan aimhreas.
Bhuel ars an feirmeóir nach bfuil sé chomh maith agam na trí chomhairlé a thabairt duit agus annsin is feidir leath dul abhaile.
An cead comhairle ars an feirmeóir "Mas can na direac an róid sé an tslighe mór an taithgiorra?" Ná téirigh an taithghiorra ach léan an bóthair. An dara comhairle ar seisean. Na fan aon oidhche i dteach i mbeidh bean óg posta ag sean fear, agus an triomhadh comhairle, má thagann fearg ort beir ar do phíopa agus caith é, agus nuair a bhéas do sháith caithte agat béidh an fearg atá ort imthighthe.
Buel dimthighe sé leis annsin agus ní raibh sé achar ar bith ón teach nuair a chasadh fear siubhal eile leis. Bhíodar ag siubhal leo agus ag síor shiubhal go dtáinic siad chomh fada le coill mhór. Tá aithghiorra mór annseo ars an fear siubhal agus bfeárr(continues on next page)