Volume: CBÉ 0441 (Part 2)

Date
1937
Collector
Location
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0137

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0137

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    dúinn dul ann. Ní rachadsa ann ars an fear eile léanfhaidh mé an taithgiorra agus cebe cen duine a bhéas ag ceann an bhóthair fanadh sé leis an duine eile.
    An fear a chuaidh an bothair direach ní raibh tuairisg ar bith ar an fear a chuaidh an taithgiorra.
    Nuair a bhí sé cupla uair annseo tháinic mo duine chuige, agus ní raibh snaithe eadaigh ar a chroiceann. Dfiarr an fear ceárd deirigh dhó, agus dubhairt seisean, gur casadh robáillí leis sa gcoill, agus nár fhág siad eadach ná airgead aige. Buel annsin dubhairt an fear a thóg na comhairlí. Be Dad tá an cead comhairle ceart ar aon bhealach.
    Annsin dimthighe gac duine a bhóthair feín agus nuair a tháinic an oidhche casadh isteac i dteach an fear a thóg na comhairlí. Ní raibh sa teach seo acht sean fear agus bean óg. Dfiarr sé loistín ortha agus fuair sé é. Faoi cheann sghathm [< sagham] chuaidh an sean fhear amach ar an tsráid, agus dfiarruigh mo duine don bhean óg an é sin a hathair. Ó Muise ní hé, ach amadán do fhear a chur iallach orm é phósadh agus níl
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    11 November 1937
    Item type
    Lore
    Folktales index
    AT0910B: The Servant's Good Counsels
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant