Imleabhar: CBÉ 0441 (Cuid 2)

Dáta
1937
Bailitheoir
Suíomh
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0441, Leathanach 0138

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0441, Leathanach 0138

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    suimneas ar bith agam uaidh acht ag tróid liom agus ag fághail locht ar mo chuid oibre i gcomnuidhe.
    Chuimhnigh an fear annsin ar an comairle a thug an feirmeóir dhó. I gceann sgatham chuaidh an bean óg suas sa seomra, agus nuair a fuair seisean shuas ann í dimthighe sé amach, agus chuaidh sé i bfolach sa niothlann a raibh taobh shuas don teach. Gearr gur chuala sé daoine ag teacht chun an tighe, agus thógadar amach an sean fhear, agus sé bharamhail gur mharbhuigh siad é. Dubhairt seisean annsin gur tháinic an dara comhairle ceart. Dfánn sé mar sin go dtáinic an lá, agus dimthighe leis Bhí sé ag tarrainght ar an mbaile annsin ar theacht an tráthnóna. Buel anois dubhairt se leis féin nach bfeicfheadh duine ar bith ag teacht chun an tighe é, agus más rud é go bfhuil a bhean, agus a mac básuighthe dimtheochadh sé aríst gan aon duine é fheiceal. Tháinic sé chuig an doras ag ní raibh aon ghlas air, agus nuair a dfosgail sé an doras, bhí an leabaidh sa gcluid direach mar dfág sé féin é, agus bhí fear sa leabaidh le na bhean, agus feasóg fhada
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    11 November 1937
    Cineál míre
    Seanchas
    Innéacs seanscéalta
    AT0910B: The Servant's Good Counsels
    Teanga
    Irish
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir