An Sagartín
Ba deas é an sagartín a stór mo chroidhe,
Ní deise ná an phobail a dtéighinn sé tríd.
Tá séal ó Mhuire air agus brannda ó Chríost,
Agus tá sé tarrainghte as na coláistí.
Éist a bhidóigín is ná gabhail déor,
Ní duit a rugadh mé ná do aon bhean beo.
Ach baisteóchaidh mé do leanbh dhuit le conghnam Críost
Is dá mbéarfinn ar m'aithméal gur leat mé féin,
Muise níl mo ghrádh sa dubh na buidhe.
Bfhiu é cheannacht le ór buidhe an ríogh.
Tá con-caol cáillte aige agus mearaibh mian
Is gur binne a ghlóirín, ná na ceóltaibh sidhe.
Tá an oidhche anocht dorca agus beidh go ló.
Mo chead ghrádh dimthighe uaim is ní fheadaim fhághail
Shiubhal mé sléibhte agus cnuic a bhí árd
Agus tuairisg mo chead grádh ní fheadaim fhághail
Go dtagaidh an cháis i lár an fhoghmhair bhuidhe
Go dtagaidh lál Padraig lá nó dhó ina dhiaidh,
Go dfásfaidh an bláth bhán faoi lár do conra aníos,
Part go do grádh go bráth nach bfágfhaidh mo chroidhe.