Volume: CBÉ 0441 (Part 2)

Date
1937
Collector
Location
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0210

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0210

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    bhí ann agus rith sí abhaile chuig a h-athair le neart áithis agus dinnis sí an sgéal dhó. "Muise mí rath ort a chailleach mheirigeach", ar seisean ná bíodh aoinne ag magadh fúth.
    Annsin bhí cuireadh fághailte ag clann an táilliúir chuig an chlaimhneas agus chuaidh siad ann iad féin agus an cailín seo. Ní raibh a fhios ag duine ar bith cé hí an cailín breágh dóghamhail a bhí leo agus bhí gach duine ag déanamh iongnadh di. Maith go leór annsin bhí spórt agus siamhsa ag gach duine acu agus chuile dhuine ag déanamh a chleas féin ar feadh na h’oidhche. Faoi dheireadh sise suas agus ghlac sí párdún ag an méid a bhí i láthair agus dúbhairt sí go raibh cleas le déanamh aici féin agus cleas a chuirfeadh iongnadh ortha go léir.
    Anonn lei go dtí bord beag a bhí ann agus sheas sí le na taobh. Chuir sí a lámh ina póca agus thóig sí aníos gráine beag eórnan agus chaith sí ar an mbord é. Ní túisce a bhí an gráine caithte ar an mbord ná ní raibh sé ina ghráine eórnan níos mó séard a bhí ann cearc. Thosuigh gach duine acu ag rachtail gháire faoi'n gcearcín sin. Tamall beag in dhiaidh chuir sí síos a lámh arís agus thóig sí aníos gráine don tsaigheas céadhna agus rinne sí coileacín. "Anois ba sheo iad an coileachín óir agus cearcín airigid.
    I gcionn tamaillín bheag eile chuir sí a lámh ina póca arís agus thóig sí aníos gráinín beag eile. Chaith sí an gráinín ar an mbord ag an gcearcín airigid acht rith an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    18 November 1937
    Item type
    Lore
    Folktales index
    AT0313: The Girl as Helper
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant