Volume: CBÉ 0441 (Part 4)
- Date
- 1937
- Collector
- Location
On this page
- (continued from previous page)úd. Ardochadh cuile fear a hata agus cuirfeadh na mna fioghar na croise orta féin nuair dfeicidís ag tigeact é. Creid cuile duine againn agus creideann fós go raibh cumacht ag an sagart duine ar bith ar mian leis do leighis.
Bhí bean thíos i gCaladh Na Muc a raibh tinneas uirthi nuair bhí sí og. As iompadh goile a bhí uirthi. Ní raibh sí act 'na girrseach ag an uair ud agus bhí an galar seo na luighe uirthi go trom. Ní raibh blas a d'itheadh sí nach dtiocfadh anuas arís agus síl a muinntir nach maireadh sí go maidin. Cuir siad fios ar an sagart ag uair an mheadhoin oidhche agus tháinic sé. Bhí conntal air a bheith amuigh an trath sin den oidhche agus gidh gur fear lagach(continues on next page)