Volume: CBÉ 0441 (Part 4)
- Date
- 1937
- Collector
- Location
![The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0269](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0441%2FCBE_0441_0269.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0269
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
- (continued from previous page)Is beag imirt cártaí na cearbachas [?] a bhí ann an uair sin. act na dhiaidh sin tháinic an droch nós isteach.
Biodh an spraoidh againn ag damhsaí an uair sin. Bhiodh píobaire ann an uair sin. Stiofáinín Ó Ruadhain an piobaire a biodh ann an uair sin. Cuirfí fios air agus nuair a thagadh se cuirtí an pláta thart agus cuireadh gach aoinne cupla pingin ann agus mar sin beadh téagar maith le faghail aige. Step Dancing is mo bhíodh againn an uair sin, agus a leiteid de damsoirí ní raibh ar an saogal riamh ná na dhiaidh.
Bhí nós aisteach aca maidir le cleamhnas an uair ud. Ní bhiodh aon cur na agaidh ná aontú ag an fear óg na ag an cailín óg leis an cleamhnas. Na Sean Daoine(continues on next page)