School: Gob an Choire (Clochar) (roll number 16890)
- Location:
- Gob an Choire, Co. Mayo
- Teacher: Sr. M. de Sales
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gob an Choire (Clochar)
- XML Page 216
- XML “Seanfhocla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An té chuireas sé thógas.
Bíonn blas ar an mbeagán.
Is maith an t-annlan an t-ocras.
Ní ualach do dhuine an fhóghluim.
Cuairt gearr, sí is fearr agus gan í dhéanamh ach go hanamh.
Má's mall is cinnte dioghaltas Dé.
Is maith an rud 'na ghiotaí é.
Is fearr leath na meath.
Ní hé an cú is fearr a geibheann an rás
Bíonn a thrioblóid féin ar gach lá is ar gach oidhche
Tart indiaidh an óil agus brón indiaidh an airgid
Ná bí í dtosach í mbogach ná í ndeireadh í gcoilll.
Níl tuille dá mhéid nach dtráigheann.
Sé an bóthar mór bóthar na haitgiorra
Ná caith an t-uisge salach amach go dtigidh an t-uisge glan isteach
An fear a léigheann an leabhar agus nach gcuimnigheann ar an meabhar bíonn sé 'na bhail odhbhar.
Eist le glór na haibhne agus geobhfaidh tú breach.
Ná comhair na sicíní go dtigidh siad amach.
Níl fearg dá mhéid nach siothcháin a dheireadh.
Is fearr an tsláinte ná an táinte.
Muna bhfuil teine agat féin déan do goradh leis an ngréin(continues on next page)- Collector
- Pádhraig Ó Gallchóbhair
- Gender
- Male
- Address
- Na Sraithíní, Co. Mayo
- Informant
- Eibhlín Ní Gallchóbhair
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Address
- Na Sraithíní, Co. Mayo