School: Clochar na Trócaire, Baile Fhiacháin
- Location:
- Newport, Co. Mayo
- Teacher: An tSr Padraig
![The Schools’ Collection, Volume 0088, Page 016](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0088%2FCBES_0088_016.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0088, Page 016
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bheith na thalltóir. Ní fios dos na sean daoine anois cá h-áit a dtagadh i dtír le na earradh tallta mar gidh gur h-innseadh a sgéal níor séith ariamh le 'na rún.
Sé tuairim mór coda des na daoine go dtagadh long na hearradh tallta chomh fada le béal an chuain, agus go dtagadh an caiptín amach agus dtugadh sé na hearraidh isteach, nó go gcuireadh sé i bhfolach iad ar cheann des na h-oileáin, agus go dtugadh sé isteach iad ar a shuaimhneas.An Sgéal.
Lá dá raibh an caiptín ag teacht isteach an chuain agus ualach tobaic na churrach aige, mhothuigh sé an tóir na dhiaidh. Thug sé iarracht sleamhnú uatha i measg na n-oileán ach bhí an tóir ro-ghéar. Ní raibh aige ach currach agus bhí longa seóil ag lucht a thóra, agus dá sin tháinig siad suas air go luath. Bhí fhios aige nach sroichfeadh sé an mór-thír go slán. Bhí sé i sáinn ach chuimhnigh sé ar sheift. Bhí sé in aice leis an tannaidhe mhór a dhírigh sé pus a churraig air. D'éirigh leis a bháidín éadtrom féin do threórú go slán tríd ach chuaidh na longa seóil in ngaiste ann. D'fhág an caiptín annsin iad(continues on next page)- Informant
- Seán Mac Giollaruaidh
- Gender
- Male
- Occupation
- Mac feirmeora
- Address
- Newport, Co. Mayo