School: Cill Bheidhin (Kilvine) (roll number 16019)
- Location:
- Kilvine, Co. Mayo
- Teacher: Pádhraic Ó Reachtagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Bheidhin (Kilvine)
- XML Page 684
- XML “An Fíodóir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an figheadóir a chuid pócaí le chlochaibh beaga agus chuaidh sé i n-áirde ar an gcrann. Nuair a bhí gach duine i n-a chodladh thainig triúr fathach. Chuir an té ba shine a ghualann leis an mballa chun é do leagann. Ar an bpointe seo bhuail an figheadóir ar an gcluais le cloich é. D'iompuigh sé thart go feargach acht ní fhaca sé aoinne. Dubhairt sé gurab é a dearbhráthair ab'óige a bhuail é. Thosuigheadar ag troid agus marbhuigh sé an fathach óg. Annsin chuaidh an beirt eile abhaile gan aon dochar a dhéanamh. Ar maidin tháinig an fear saidhbhir agus theasbáin an figheadóir an fathach dó. "Thainig na fathaigh aréir" ar seisean "agus bhiodar ar tí an caisleán a leagann nuair a mharbhuigheas duine aca". Annsin d'iarr an fear air cé mhéid a bhí uaidh chun aire do thabhairt dó an dara oidhche. Dubhairt an figheadóir go raibh dá céad punt uaidh agus tugadh dhó é. Ar tuitim na h-oidhche arís chuaidh an figheadóir i n-áirde ar an gcrann ag faire. Tháinig an beirt fathach arís sul i bhfad. Chuir an(continues on next page)
- Collector
- Brighid Ní Mhichíll
- Gender
- Female
- Address
- Baunmore, Co. Galway
- Informant
- Donnchadha Ó Michíll
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Baunmore, Co. Galway