School: Caisleán na hÉille (The Neale)
- Location:
- Neale, Co. Mayo
- Teacher: Máire, Bean Mhic Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tomás Fuilteach De Búrca
Timcheall trí chéad bliadhain ó tríocha ó shoin bhí tighearna de shliocht Burcaigh in a chomhnuidhe i gCaisleán Loch Measga. Duine diamharach a ba é agus droch cháil air ar fuid na duithche sin mar gheall ar a ghniomhartha fuilteacha agus níor tugadh air ariamh acht “Tomas fuilteach.”
Bhí sé ráidhte ám go raibh sé ar a chumas draoidheacht a oibriúghadh ach nach raibh deimhniughadh ag aoinne ar aon des na scéaltaí seo. Cé nach raibh fritheadh amach arís go raibh bun acub mar sin fhéin. Acht ní aige féin a bhí an draoidheacht acht ag a mháthair agus bhí sise níos fealltaigh ná é féin. Chuireadh i riocht girrfidh í de bharr a gcuid droch beartacha agus d’fhan an riocht sin uirthi agus í seomra beag dorcha a bhí a comhnuidhe aicí gan fhios d’aoinne acht do Thomás.
Is iomdha duine uasal agus Taoiseach a thug Tomás cuireadh chun féile chucha acht ní fhaca ariamh iad tar-éis dul isteach sa gcaisleán dóibh agus ba baramhail gach aoinne gur dún-mharbhúghadh fuilteach a thug sé dóibh.
Bhí na scéaltaí seo ag dul ó bhéal go béal(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Fhearchair
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Ballyglass, Co. Mayo
- Informant
- Máire Bean Uí Dhroighneáin
- Other names
- Máire Bean Uí Dhroighneáin
- Mrs Mary Thornton
- Gender
- Female
- Age
- 96
- Address
- Ballyrourke, Co. Mayo