School: Rusgaigh (2) (roll number 10949)

Location:
Roosky, Co. Mayo
Teacher:
Eibhlín Ní Chorraidhe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0108, Page 114

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0108, Page 114

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rusgaigh (2)
  2. XML Page 114
  3. XML “Beatha na nDaoine Fadó”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    nuair a bheadh an leite réidh agus níorbh fhada dóibh an faobhar a bhaint dá ngoile le gach re spúnóg mhór leite agus bolgam bláthaí nó bainne géar as an naigín. Ar mhias adhmaid i lár an bhoird a bhíodh an leite agus bhíodh gach duine ag ithe a choda féin as le spúnóg mhór iarainn. Uaireanta dhéantaí ‘ceallaí’ le fataí agus oiniúin agus bainne a mheascadh le chéile agus bhíodh sé mar ábhar bricfeasta ag cuid de na daoine, ach is ag an dinnéar is mó a d’ithidís é.
    Nuair a bheadh an bainne gann dhéanaidís deoch eile – flummery. As min choirce agus uisce a dhéantaí é. Chuirtí an mhin choirce in árthach adhmaid – keeler – agus líontaí le huisce é. D’fhágtaí ansin go ceann trí nó ceithre lá é a mbíodh blas milis an adhmaid air, agus ansin scagtaí é agus bhí an flummery réidh le n-ól. Chaithidís an deoch seo leis an leite nuair nach mbíodh bláthach nó bainne géar acu. Bheirítí an flummery gan scagadh agus bhíodh sé mar bhéile ag na daoine freisin. Bhí deochanna eile acu freisin nach n-úsáidtear anois – méad, déanta as mil agus gráin bhuí a dhéantaí as cruithneacht. Ba mhór an soláiste deoic, deoch a dhéantaí le bainne te agus uibheacha agus siúcra a mheascadh le chéile. Ní dhéantaí an deoch
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish