School: Cor-chloch (roll number 15014)

Location:
An Chorrchloch, Co. Mayo
Teacher:
Peadar S. Mac Dáibhidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 11

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 11

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cor-chloch
  2. XML Page 11
  3. XML “Comharthaí na hAimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    COMHARTAÍ SEACA
    1) Nuair tá na realtóga ag spreacarnaigh go fíochmhar.
    2) An ghrian ag siollsú go mór um tráhnóna
    3) Soilse gorma o'n dteine
    4) Teas an-mhór o'n dteine

    COMHMARTAÍ SNEACHTA
    1) Nuair thagas an spideóg in-aice an dhorais
    2) Scamaill dubha 'san dtaobh thuaidh

    DEAGH-COMHARTAÍ
    1) Nuair tá an ghrian dearg ag dul faoi
    2) Ceo ar an bhfairrge
    3) An ghealach nuadh direach 'san spéir
    4) Nuair tá na sleibhte i bhfad uait
    5) Na fáinleóa ag eitilt go h-árd
    6) Eas ar na h-aibhnibh
    7) Nuair olann an madadh uisce
    8) Dath buidhe ar an luasgan-lathaigh
    9) Nuair théígheas na caoirí suas an sliabh
    10) Nuair thagas ceo isteach o'n bhfairrge
    11) An fhuiseóg go h-árd 'san spéir
    12) An deatrach ag dul go díreach as an simleár
    13) Tuar Ceatha um tráthnóna
    14) Na beacha ag crónán
    15) Olann san spéir
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    Language
    Irish