School: Droimslaod (roll number 9898)

Location:
Drumsleed, Co. Mayo
Teacher:
Maire, Bean Mhic Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 257

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 257

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Droimslaod
  2. XML Page 257
  3. XML “An Baile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus tá beirt aca abalta sgéalta i mBéarla agus Gaedilge a innseacht agus siad Miceal O Cathain (72) agus Sorcha Ni Conmucháin (73).
    Ta talamh mait ann acht níl aon cuid de faoi coill. Tá sean bothar ann inaice leis an fairrge agus sin an bothar a bhíodh ag na daoine fado le dul chun na reilge. Rinneadh san bliadhain 1896 é agus is iad na Thirteen Sections a rinne é. Mna a bhíodh ag obair air agus fuair siad ocht bpighne sa lá mar páige. Bhris an fairrge isteac air agus cuireadh as usáid é.
    Tá loc ann a tugtar Loc Faithche air agus sé an loc is mo i Baile Cruaidh acht níl sé an ceann is doimne anois. Is féidir leis na daoine san Samhradh a gcuid móna a thabhairt ar ais óna portaigh atá ar an taobh eile den loc le cairt. Ta an bun go cruaidh mar is gainimh atá ann.
    Tá dhá trinse ag rith amac as go dtí an fairrge agus is iad na teorannta atá ar an dá taobh d’Faithche. Tá ceann aca mar teorann idir Dúnatha agus Faithche agus an ceann eile ar an teorann idir Dumha Fhrighil agus Faithche. Rinn Coimisiun na Talmhan ceann aca tá an ceann eile a dtugtar “An Cut” air ann le tamall fada. Cuir an Coimisiun posta tart ar an loc trí no ceitre bliadhain o shoin.
    Ta ballai sean-caisleán Gráinne Ní Mhaille i bhfeilm m’athar.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seamas O Dalaigh
    Gender
    Male
    Informant
    Mícheál O Catháin
    Gender
    Male
    Age
    75
    Address
    Fahy, Co. Mayo